Thugadar cuairt ar an Mara Beo sa Daingean áit in a dheineadar iontas dos na piongain agus na siorcanna. Ach dar leo ba é an seisiún drumadóireachta sa Bhrú buaicphointe na seachtaine. Chuaigh an múinteoir chomh mór sin i bhfeidhm orthu go rabhadar ag buaileadh amach an rithim lena lámha ar na drumaí gan mhoill ró-mhór. Ba dheas duinn fuaimeanna cumhachtacha na hAifrice a chlos chomh fada sin ó bhaile in Iar-Thuaisceart na h-Eorpa. Mar is léir ón dtuairisc ghearr seo, bhaineamar go léir ana-thaitneamh as an Saoire Gaeltachta. Ba mhaith liom foireann Chomhluadar a mholadh ach go-háirithe as a bproifisiúntacht agus a gcairdiúlacht araon. Le chois na n-imeachtaí éagsúla chuir an Saoire ar ár gcumas caidreamh a dhéanamh le teaghlaigh eile le Gaeilge i gcomhthéacs nádúrtha spraoiúil.
B’iontach an deis duinn í ós rud é go bhfuilimid beagáinín scoite amach ó shaol na Gaeilge san áit in a bhfuil cur fuinn. D’fhilleamar ar Chéinia lán de mhisneach agus le gliondar croí. Bí cinnte go mbeimid ann arís i mbliana!