Saoire Gaeltachta Comhluadar 2011
Ag Ceiliúradh an 10ú Saoire!
Is teaghlach le Gaeilge sinne. Beirt clainne, Rafik (6) agus Naima (3), mo bhean chéile Ambreena, a thagann ó Chéinia, agus mé féin, Ciarraíoch ó dhúchas. Cé go bhfuilimid lonnaithe i Nairobi, príomhchathair Chéinia, fillimid ar an Ríocht i gcomhair na laethanta saoire gach bhliain. Buailimid le mo mhuintir i dTrá Lí agus bíonn na páistí ábalta a gcuid Gaeilge a chleachtadh lena gcolceathrar atá ag freastal ar Ghaeilscoil Mhic Easmainn sa bhaile.
Chuamar i dteagbháil le Comhluadar nuair a bheartaíomar ar ár bpáistí a thogaint le Gaeilge. Fuaireamar dea-chomhairle uathu um an dtaca sin maidir leis an dá-theangachas agus conas é a chur i gcrích sa bhaile ó lá go lá. Caithfidh mé a adhmháil nach raibh baint ró-mhór againn leis an eagraíocht ón dtréimhse sin i leith. Ach anuraidh léigh mé alt ar an idirlíon faoin ‘Saoire sa Ghaeltacht’ a chuireann Comhluadar ar bun do theaglaigh cosúil linne agus bheartaíomar ar pháirt a ghlacadh ann.
Fán am sin bhí sé ró-dhéanach dúinn lóistín a fháil i mBrú na Gráige ach bhíomar in ann tigh breá a thabhairt ar chíos gar do Bhaile an Fhirtéaraigh. Fearadh fáilte mór romhainn nuair a bhuaileamar isteach ar an mBrú ar an gcéad lá d’imeachtaí na seachtaine. Bhí suim nach beag ag na tuismitheoirí eile i gclann le Gaeilge tagtha go Chorca Dhuibhne ón Aifric, cé go ndúradh linn níos déanaí go bhfuil baill ag Comhluadar i mbeagnach gach taobh don domhain agus nach eisceacht sinne ar chor ar bith!
Ghlac na páistí páirt i réimse leathan imeachtaí. Phéinteáil siad pictiúir don tírdhreach thart timpeall an Bhrú faoi stiúradh ealaíontóra áitiúil. Dheisigh siad muganna dá gcuid féin i gceardlann potadóireachta. (Ólann siad a gcuid dí as na muganna céanna gach maidin roimh dul ar scoil anseo i Nairobi.)