Saoirí Deireadh Seachtaine:
Bhí trí saoire deireadh seachtaine againn i 2011 - sa Spidéal i Mí Feabhra, i nGoirtín, Co. Doire i Mí Bhealtaine agus i nGartáin, Co. Dhún na nGall i Mí Dheireadh Fómhair. Scríobh Aonghus Ó hAlmhain tuairisc iontach faoin saoire i nDún na nGall ar a bhlag: www.aonghus.blogspot.com
Seo thíos cuid den alt - is féidir é a léamh ina iomláine tríd gliogáil ANSEO!
Splanc Ghaeltacht
D'fhág mé an obair luath de hAoine beag seo agus thug aghaidh ar an mbóthar ó thuaidh le mo bhean agus mo chlann. Bhíomar chun páirt a ghlacadh i Tumchónaí Gartan, egraithe ag Comhluadar Leitir Ceanainn agus Gaelphobal. Tháinig scata mór (17+) le chéile in Ionad Oideachais Gartáin. Tá sé sin lonnaithe ar bhruacha Loch Gartáin, áit dhúchais Cholm Chille. Bhí an ionad, a ghlacamar seilbh iomlán air, thar a bheith feiliúnach toisc go raibh seomra ann do gach teaghlach agus freisin roinnt seomraí suite a thug deis do na haoisghrúpaí éagsúla - agus bhí gach aos ann ó leanbh go déagóir - caidreamh a dhéanamh le chéile gan bheith de shíor in adharca a chéile. Rud a thug deis do thuismitheoirí comhrá ar a suaimhneas chomh maith. Bhí roinnt imeachtaí eagraithe ann - go háirithe turas ar cadhcanna ar an loch - agus báid dúbailte ann dóibh siúd, fearacht mise, a raibh páistí óga acu. Bhí deis againn freisin triail a bhaint as boghdóireacht. Tráthnóna Satharn bhí céilí agus cóisir bréagéide ann, agus deis do gach teaghlach a gcuid tallann a léiriú. Buaic amháin a bhí ann dar liomsa nuair a d'inis Séimí scéal fiannaíochta mar is cóir - ag fí daoine a bhí i láthair isteach sa scéal agus ag spochadh as cúrsaí reatha. Bhí ceol agus canadh, rince agus scléip ann. Bhí deis ag gach teaghlach lóchrann Síneach a scaoileadh freisin, agus roinnt dráma nuair a chuaigh ceann acu i bhfostú i crann! Bhí an spraoi ag óg agus aosta ann. Agus deis againn ar fad cumarsáid nádúrtha as Gaeilge a dhéanamh.