Imeachtaí 2012
le Nicole Ní Cheallaigh
Tá na grúpaí tuistí agus leanaí ag fás agus ag forbairt agus tá áthas orainn go bhfuil daoine nua ag teacht chuig na grúpaí an t-am ar fad. Tá an grúpa i mB.Á.C a thosaigh amach ar bhonn míosúil anois ag teacht le chéile gach coicís ar maidin Shathairn agus tá súil againn forbairt a dhéanamh ar an ngrúpa i mbliana le tuilleadh imeachtaí agus gníomhaíochtaí. Bhí an chéad bhualadh le chéile de ghrúpa tuistí agus leanaí i gCill Mhantáin againn i dtreo dheireadh na bliana chomh maith agus toisc an tsuim a bhí léirithe, tá súil againn tógáil air seo agus grúpa rialta a bhunú sa cheantar luath i 2012.
Bhí deireadh seachtaine sa Spidéal againn arís i mbliana le hardú ar líon na ndaoine a d'fhreastail. D’fhan an aimsir tirim agus bhíomar in ann lá taitneamhach a chaitheamh i bPáirc Feirme Leamhchoill agus bhí críoch álainn ar an deireadh seachtaine le scéalaíocht agus spraoi ó Dhiarmuid De Faoite. Ní hé an Spidéal an t-aon dheireadh seachtaine a bhí ann ach oiread agus bhí freastal iontach ar an deireadh seachtaine i Leitir Ceanainn, an chéad uair dá leithéid a bheith againn. Bhí deis ag na teaghlaigh uilig aithne a chur ar a chéile san Ionad Gartan, inar mbain siad taitneamh as imeachtaí ar nós boghdóireacht agus cadhcáil. Is léir an spraoi a bhaineann teaghlaigh as an dá dheireadh seachtaine seo agus an deis a bheith tumtha sa teanga agus iad i gcomhluadar teaghlaigh eile le Gaeilge. Tá súil againn go dtiocfaidh fás ar an sos deireadh seachtain seo i 2012 agus go mbeidh an deis ag gach duine iad a thriail.
Bliain eile thart agus seachtain eile caite againn i mBrú na Gráige i gCorca Dhuibhne. Bhí líon mór teaghlaigh i láthair ar an tsaoire i mbliana agus seachas an drochaimsir a chuir bac ar an spórt uisce, bhí seachtain thar cionn againn ar fad. Bhí roinnt imeachtaí nua ar an amchlár ar nós ceardlann chócaireachta, drumadóireacht agus béile álainn i dTigh Áine atá suite trasna ón mBrú. Is dea-chomhartha é go bhfuil an tsaoire fós ag fás gach bliain agus go bhfuil an-tóir air tar éis é a bheith á reáchtáil ag an eagraíocht ar feadh deich mbliana.
Bhí slua ollmhór ag imeacht Chomhluadair ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne ina raibh seó cleasaíochta sorcais curtha ar siúl againn. Bhí neart teaghlaigh ann agus bhí sé soiléir go mbíonn líon maith teaghlaigh le páistí óga i láthair ag an bhféile agus gur deis iontach dúinn í, imeacht do theaghlaigh a chur ar fáil. Bhain gach éinne taitneamh as an seó agus bualadh bos mór dóibh siúd a bhí cróga a dhóthain páirt a ghlacadh sa seó!
Bhí cóisir Oíche Samhna againn chomh maith leis an gCruinniú Cinn Bhliana i mB.Á.C i mbliana agus tháinig slua le bréigéide de gach sórt á gcaitheamh acu. D’fhreastail tuismitheoirí ar an gcruinniú thuas staighre fad is a bhí an chóisir ar siúl, ach n’fheadar cad a bhí níos scanrúla, bréag-éadach Oíche Shamhna nó an t-eolas a bhí ag an gCruinniú Cinn Bhliana!
Chuireamar deireadh leis an mbliain mar is gnáth le cóisirí Nollag ar fud na tíre. Bhí cóisir Nollag againn i nGaillimh don chéad uair le cúpla bliain anuas ina raibh cuairt ó Dhaidí na Nollaig agus chríochnaíomar an bhliain leis an gcóisir mhór i B.Á.C le slua mór i láthair.
Bímid i gcónaí ag brath ar thacaíocht na dtuismitheoirí ionas go mbeimid in ann réimse leathan imeachtaí a chur ar fáil do gach teaghlach atá cláraithe linn. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo siúd a ghlac páirt in eagrú na n-imeachtaí i rith na bliana. Bíonn neart le déanamh nach mbíonn sé ina acmhainn ag an bhfoireann a dhéanamh i gcónaí agus, gan chabhair ó dhaoine deonacha, bheadh sé i bhfad níos deacra orainn. Tá súil agam go leanann sibh ar fad linn i rith na bliana atá amach romhainn ionas go mbeimid in ann leanúint leis an obair!
Cé go raibh bliain lán le hathruithe don eagraíocht, d’éirigh linn líon mór d’imeachtaí rathúla a chur ar fáil ar fud na tíre. Bhí fás ar líon na ndaoine atá ag freastal ar na himeachtaí agus chuireamar tús le roinnt gníomhaíochtaí nua chomh maith leis na himeachtaí bliantúla a bhíonn ar an bhféilire gach bliain.