Comhluadar Comhluadar | Page 13

Timpeall an domhain faoi dhó

Is mise Aodhán agus thosaigh mé ag obair le Comhluadar thart ar bliain go leith ó shin. An post atá agam ná labhairt le daoine óga aon áit agus gach áit sa tír. Idir scoileanna agus coláistí tríú leibhéal bím ag labhairt leo chun iad a chur ag smaoineamh faoin nGaeilge a úsáid sa chlann. Táim ag eirí sean mé féin- leath an bealach go dtí 50 bliain d’aois anois agus caithfidh mé a admháil gur thréimhse scanrúil atá ann!!! Nílim ag iarraidh a bheith pósta mé féin ar feadh 50 nó 60 bliain eile. Pé scéal é bím ag buzzáil thart ó áit amháin go háit eile ag scaipeadh an deá-scéal le mo chara is fear Spartacus- mo Fiesta beag dubh-gorm (bíonn neart cairde eile agam nach bhfuil mar charr freisin).

I rith an ghnáthlae bím ag tabhairt cuairte ar chúpla meánscoil ag déanamh ceardlainne leis an idirbhliain. De ghnáth bíonn 3 scoil sa lá in aghaidh an lae i gceist áit ar bith idir Iarthar Corcaigh agus Béal Feirste. Bím ag labhairt le ar feadh píosa maidir leis an nGaeilge sa chlann agus tógáil páistí trí Ghaeilge ach an príomhfháth go bhfuil mé ann ná le iad a chur ag caint agus díospóireacht lena chéile. Is iontach an réimse tuairimí atá mé tar éis cloisteáil. Bíonn an chuid is mo de dhéagóirí dearfach faoi thodhchaí na teanga ach bíonn daoine áirithe ag rá “Ní féidir an tír a fhágáil má labhraíonn do thuismitheoirí leat as Gaeilge amháin” “Ní bheidh aon chairde agat” agus “Ní bheidh tú in ann breathnú ar an dteilifís”. Cabhraíonn na tuairimí seo go mór leis an gceardlann toisc go cuireann sé daltaí eile ag easaontú agus ag díospóireacht faoi.

Cuid eile de mo phost ná plé le na Cumann Gaelach sa tríú leibhéal. Tá na Cumann ag dul ó neart go neart thar fud na tíre agus tá breis is 25 Cumann Gaelach ann faoi láthair. Bíonn ós cionn 1,000 duine sna Cumann Gaelach is mó agus an figiúr sin ag fás gach uile bhliain. Is dul chun cinn iontach é seo taobh istigh de cúpla bliain ach tá gá le níos mó oibre fós le cinnte a dhéanamh de go bhfuil na daoine seo chun an Ghaeilge a úsáid i ndiaidh an choláiste. Bainim taitneamh as labhairt le na mac léinn ach go háirithe faoi pháistí agus an rogha teanga- rud nach mbíonn siad ag smaoineamh ar mórán agus caithfidh mé a rá go mbíonn roinnt dóibh scanraithe ag smaoineamh faoi.