Timpeall an domhain faoi dhó... ar lean
Thar 18 mí sheas seachtain amháin amach thar aon sheachtain eile. Saoire Gaeltachta Comhluadar. Ní raibh mé ag tnúth leis an seachtain ar chor ar bith toisc gur chuala mé go mbeadh laethanta fada oibre i gceist agus neart le dhéanamh. Thaitin sé go mór liom áfach ag súgradh is ag rith timpeall le na páistí don seachtain. Táim bródúil gur féidir liom a rá gur bhuaigh mé beagnach gach cluiche thar an tseachtain idir Ficheall, Spit, Ceangail a 4 agus “Bhuail an Canna”. Táim ag tnúth go mór leis an gcéad saoire eile.
Ag deireadh an lae an post atá agam ná taisteal thar fud na tíre agus an focal a scaipeadh. Bím ar an mbóthar gach lá ach ní miste liom toisc gur obair iontach taitneamhach atá ann. Bainim taitneamh as labhairt le daoine óga agus a gcuid tuairimí a fháil. Níor thug mé faoi dheara go dtí le déanaí áfach go bhfuil ós cionn 80,000km tiomáinte agam le Spartacus, an Fiesta beag dubh-gorm ón am gur thosaigh mé an post seo. Táim tar éis labhairt le níos mó ná 150 scoil, 80 coláiste samhraidh, 20,000 dalta. Ar an mbealach fuair mé cúpla clampa agus ticéad páirceála cinnte. Ach nuair a chuireann tú an figiúr sin i gcomhthéacs is é 40,075km imlíne an domhain. D’fhéadfá a rá go bhfuil mé i ndiaidh dul timpeall an domhain faoi dhó ar an oileán beag seo. Níl mórán nach bhfuil feicthe agam agus is féidir liom a rá gur iontach an tír atá ann.
Aodhán Ó Dea