Nuacht na hÉagraíochta
Cárta Dílse
Mar is eol daoibh braitheann Comhluadar go mór ar bhur dtáillí ballraíochta. Le ciorraithe gearrtha ar an mbuiséad le roinnt blianta anuas agus tuilleadh le teacht i mbliana, beimid ag brath orthu níos mó ná riamh.
Tuigeann Comhluadar go hiomlán nach mbíonn sé éasca ar theaghlaigh teacht ar an airgead leis an táille a íoc na laethanta seo. Toisc sin, tá acmhainní sa bhreis á chur ar fáil againn dár mbaill ionas gur féidir libh roinnt airgid a shábháil in áiteanna eile.
An acmhainn is nua atá ar fáil daoibh ná an ‘Cárta Dílse’. Gheobhaidh gach teaghlach an cárta seo nuair a íoctar an táille ballraíochta i 2012. Is féidir an cárta a úsáid le tairscintí speisialta a fháil ar réimse leathan earraí agus seirbhísí Gaelacha.
Roinnt de na comhlachtaí atá páirteach sa scéim ná; BábógBaby, Gael Linn, udar.ie, An Siopa Leabhair, Futa Fata agus Fios Feasa.
Tá tairscintí speisialta agus lacáistí ar leabhair, ar bhréagáin, ar chúrsaí samhraidh, ar CD'nna agus ar an-chuid rudaí eile atá ar fáil ó na comhlachtaí uilig seo agus ó roinnt mhaith comhlachtaí eile freisin.
Nuair a íocann sibh an táille ballraíochta, gheobhaidh sibh an Cárta Dílse é féin, liosta de na tairscintí speisialta agus treoracha ar conas leas a bhaint as.
Beidh Comhluadar ag cur leis an liosta seo go rialta arís i 2012 agus ag súil le leanúint leis an scéim as seo amach.
Má tá comhlachtaí eile gur mhaith libh a fheiscint ar an liosta - ná bíodh drogall oraibh dul i dteagmháil linn agus beimid sásta dul i dteagmháil leo le tairscintí a lorg uathu! Déan teagmhail le Sadhbh ar eolas@ comhluadar.ie nó ag (01) 4789191.