Smithereens Press Chapbooks SP8- Dordéan, do Chroí - A Hummingbird, your Heart | Page 14

Corda Gorm, do shúile Gorm, do bheola Gorm, do mhéara Gorm, do bharraicíní Gorm Gorm Gorm. Ghearr an dochtúir an corda imleacáin. Ar oscailt mo shúl dom bhí tú imithe, do chorp caite sa chré i bpoll dorcha éigin. Athcheangail an corda, cúlaigh aníos chugam. Le lámh i ndiaidh láimhe tarraingím siar chugam tú isteach ionam arís. Diaidh ar ndiaidh – matán le matán, cnámh le cnámh, fuil le fuil – athshúim thú. Ceanglaím an corda timpeall ar mo chroí – nasc nach scaoilfear choíche. Dofheicthe. Doroinnte. 6