Focal ón Stiúrthóir
Ghlacamar mar fhoireann, Choiste Stiúrtha agus bhaill Chomhluadair leis na dúshláin dhifriúla a tháinig inár dtreo agus le samhlaíocht agus cumas, d’éirigh linn a chinntiú go leanfaimis ag soláthar tacaíochta dóibh siúd ar mian leo a bpáistí a thógáil le Gaeilge. Cinnte bhí orainn nósanna áirithe a athrú, ach ag an am céanna, chuireamar leis na gníomhaíochtaí chomh maith.
Tá éileamh ar sheirbhísí Chomhluadair de shíor, agus arís i mbliana, tháinig fás ar líon na ngrúpaí ‘Tuistí & Leanaí’ atá ag feidhmiú faoi scáth Chomhluadair. Is bealach an-éifeachtach é do thuismitheoirí le leanaí óga bualadh le daoine eile atá ag tógáil páistí le Gaeilge agus tacú lena chéile ag an am cinnúnach seo maidir le forbairt teanga an linbh.
Táimid tar éis ár seisiúin eolais a fhorbairt agus ar an Oíche Chultúrtha d’eagraíomar an chéad cheardlann nua “Dhátheangach ón Tús/Bilingual Beginnings”. Tá sraith ceardlanna á eagrú i mbliana arís agus má tá suim ag éinne go mbeadh sé ar siúl i do cheantar féin, déan teagmháil linn san oifig.
Tharla deireadh seachtaine nua i 2011, an deireadh seachtaine i nGártan, Co. Dhún na nGall. Rinne Tom Murray sár-obair chun a chinntiú go raibh deireadh seachtaine den scoth ann agus bhí cúnamh iontach aige ó Mháirtín Ó Maolmhuaidh agus Sheán Ó Dáimhín- míle buíochas libh triúr.
San eagrán seo, tá scéalta, griangrafanna agus míreanna eile faoi na himeachtaí sin agus imeachtaí eile de Chomhluadar. Tá súil agam go bhfeicimid sibh ag ceann éigin de na hócáidí spraíúla taitneamheacha a eagrófar amach anseo. Is cuma más imeacht aonair, deireadh seachtaine nó seachtain atá i gceist, bígí linn i 2012.
Feargal Ó Cuilinn, Stiúrthóir
Fáilte romhaibh chuig iris na bliana seo, ár gcéad eagrán leictreonach, agus léiriú eile ar chumas na heagraíochta smaoineamh ar bhealaí éagsúla scéal na dteaghlaigh Gaelacha a scaipeadh! Mar is eol díbh uilig, tá bliain dhian curtha uainn- imní agus buairt faoi mhaoiniú na heagraíochta agus todhchaí Chomhluadair.