WWETB Winter Magazine 2017 | Page 26

Meánscoil San Nioclás

Gaeltacht na nDéise

Gradam an tSéala Eorpaigh Teanga 2017 bronnta ar mhúinteoir Spáinnise Mheánscoil San Nioclás, Cáit Ní Annáin.

Cathaoirleach Bhord Médicins San Frontières an Dr. Gabriel Fitzpatrick a bhronn gradam an tSéala Eorpaigh Teanga 2017 ar Cháit Ní Annáin, in Farmleigh, Baile Átha Cliath, Dé hAoine 29 Meán Fómhair 2017.

Dé hAoine 29 Meán Fómhair bronnadh gradam ar thionscadail agus ar mhúinteoirí a mhúscail grá do theangacha i ndaoine eile agus modhanna nuálacha díograiseacha in úsáid acu. Is cúis mhór bhóiceála é do Mheánscoil San Nioclás go raibh Katie Ní Annáin múinteoir Spáinnise na scoile mar dhuine den cheathrar múinteoirí sa tír a roghnaíodh don ghradam mór seo. I measc na ngníomhaíochtaí is fearr le daltaí Cháit Ní Annáin, tá “Scóráil Sciobhtha” ina mbíonn seans acu labhairt fúthu féin agus cliúsaíocht a dhéanamh trí mheán na Spáinnise! Bronnadh gradaim ar chúig thionscadal eile comh maith.

Ba é Cathaoirleach Bhord Médicins San Frontières an Dr. Gabriel Fitzpatrick a bhronn gradaim an tSéala Eorpaigh Teanga 2017 in Farmleigh, Baile Átha Cliath ar a 2in agus bhí ardtráthnóna ag cách. Bhí máthair Cháit Ní Annáin agus gaolta eile léi mar aíonna ag an ócáid, comh maith le múinteoir Ealaíne Mheánscoil San Nioclás, Maria Ní Dhonnabháin a chuir na daltaí ar an eolas faoin Séala Eorpach Teanga ar an gcéad dul síos. Tá pobal uile na Meánscoile an-bhródúil go deo as Cáit Ní Annáin agus tréaslaímid a gradam go mór léi. Tá an t-aitheantas tuillte go rímhaith aici. Go maire sí a nuaíocht.

.