WWETB Winter Magazine 2017 | Page 36

Fáilte roimh Dhaltaí na Chéadbhliana

Fearann muintir Mheánscoil San Nioclás fíorchaoin fáilte roimh na daltaí a thosnaigh linn sa Chéad Bhliain ag tosach na scoilbhliana. Tá an t-ádh linn dream daltaí chomh suáilceach leo a bheith tagtha inár measc agus is mór an chreidiúint iad dá muintir agus do na bunscoileanna ina raibh siad roimhe seo; SN na Rinne, (An Rinn), SN Baile Mhic Airt (An Sean Phobal), Scoil Gharbháin (Dún na Mainistreach), Scoil Naomh Gobnait (Cúl na Sméar), SN Dhéagláin Naofa (An Aird Mhór), agus Gaelscoil Choráin, Eochaill. Is cúis mhór áthais dúinn go bhfuil siad socraithe isteach go han-mhaith cheana féin agus daltaí Bhliain 6 ag tacú go mór leo tríd an Meitheal a d’eagraigh Séiplíneach na Meánscoile Dearán Ó Droma. Tá siad ag coinne go mór anois le Féile na Samhna a bheidh á céiliúradh sa scoil roimh bhriseadh meántéarma na Samhna agus daltaí Bhliain 2 ag ullmhú go díograiseach fána déin agus Físeáin Samhna á gcruthú acu mar chuid den chlár TechSpace a bhfuil Sinéad Ní Fhathaigh agus Neil Ó Diarmada mar éascaitheoirí air sa scoil . Na múrtha fáilte chomh maith roimh dhaltaí eile a tháinig isteach i ranganna eile sa Mheánscoil i mbliana. Guímid laethanta fada, sona ar dhaltaí uile Mheánscoil San Nioclás agus iad ag bláthú le linn na mblianta a chaithfidh siad inár measc. Treise leo!

Daltaí na Chéadbhliana, Meánscoil San Nioclás

Meánscoil san Nioclás, Gaeltacht na nDéise