Summer 2018 | Page 35

Beidh an chéad turas eile de chuid Erasmus + ón Meánscoil ag eitilt amach go dtí Berlin na Gearmáine mí Mheán Fómhair seo chugainn áit a mbeidh an iarbhunscoil “Prof. Otto Schmeil” sa bhaile Halle mar óstscoil again. Beidh na rannpháirtithe ag déanamh staidéir ar na slite inar féidir úsáid a bhaint as gual chun fuinneamh a ghinniúint ar an turas sin, chomh maith le bheith ag foghlaim faoi chultúr na Gearmáine.

Tá Meánscoil San Nioclás ar cheann den 30 scoil in Éirinn atá ag tairiscint tionscnamh cistithe ag Erasmus + dá gcuid daltaí. Bronnadh bratach Erasmus + sin ar an scoil ar na mallaibh agus is í an sprioc atá againn ná leanúint orainn ag tairiscint an chláir seo do dhaltaí Mheánscoil San Nioclás.

Turas ERASMUS + go dtí Poblacht na Seice 22-28 Aibreán 2018