Summer 2018 | Page 34

Thaistil cúigear daltaí agus beirt mhúinteoirí ó Mheánscoil san Nioclás ar an tarna turas lánmhaoinithe de chuid Erasmus + go dtí Rakovnik i bPoblacht na Seice le déanaí. Ba iad na daltaí a thaistil ná Katie Ní Ailpín an Chnoic, Riain Ó Donnchú, Briannagh Nic Craith, Oisín Ó Bradáin de Paor agus Lúcás de Paor. Chaith siad seachtain ann i mbun tionscadail ar an gcumhacht núicléach agus iad ag iniúchadh na mbuntaístí agus na míbhuntáístí a bhaineann leis.

Seo tuairisc ó Maria Ní Dhonnabháin, Comhordaitheoir an Chláir ERASMUS +

i Meánscoil San Nioclás a thaistil leis na daltaí go Poblacht na Seice:

“Is baile in iarthar an Réigiúin Bhoihéamaigh Láir de chuid Phoblacht na Seice é Rakovnik atá suite idir an dá chathair Prague agus Plzeň agus foraois mórthimpeall air. Is scoil teicneolaíochta í an scoil a bhí mar óstscoil dúinn-‘Stredni prumyslova Emila Kolbena’ a chuireann teagasc ar fáil in iliomad ábhar praicticiúil comh maith le Matamaitic, Teangacha agus na hEolaíochtaí.

Ar chlár Erasmus + bíonn sé mar aidhm againn na daltaí a bheith gafa le cur chuige nuálaíoch i leith na foghlama trí ábhair atá suimiúil agus faisnéiseach a thairiscint gur féidir foghlaim triothu agus tairbhe a bhaint as a bheith mar pháirt de thionscnamh idirnáisiúnta dá réir.

Roimh dhúinn dul ar an turas d’ullmhaíomar cur i láthair ar chultúr na hÉireann agus chuireamar suirbhé pobail ar siúl bunaithe ar 3 ceist ar shainábhar an turais seo, Cumhacht Nuicléach.

Le linn an turais seo thugamar cuairt VIP ar Stáisiún Nuicléach Temelin agus d’fhreastalaíomar ar sheimineár CE ar fhuinneamh ag an Renaissance Manor a bhí in aice láimhe. Tar éis dúinn dul trí mhórán seiceáil slándála agus tástála d’éirigh linn dul isteach sa stáisiún agus na hoibriúcháin inmheánacha ar fad a fheiscint ón taobh istigh. Bhí múinteoir Eolaíochta na Meánscoile Dan Ó Floinn a bhí inár dteannta ar mhuin na muice!

Ar fhilleadh dúinn ar an scoil d’oibrigh na scoláirí agus na múinteoirí le chéile ag déanamh comparáide, anailíse agus ag roinnt eolais a bhain leis na suirbhéanna fuinnimh agus i ngrúpaí réitigh siad tuairiscí ar an turas ar an Stáisiún Nuicléach a bhí déanta acu. D’fhreastail na múinteoirí ar cheardlann bunaithe ar ‘Úsáid na Meán Sóisialta i gcomhair an Oideachais.

Is sinn i bPoblacht na Seice d’eagraigh ár n-óstaigh roinnt mhaith turas agus imeachtaí dúinn, a raibh turais stairiúla ar Rakovnik, imeachtaí bunaithe ar bhia traidisiúnta, imeachtaí ceoil, mionghalf agus babhláil. Ina theannta sin thugamar cuairt ar phríomhchathair na Seice, Prague atá ina baile don iliomad imeacht gur díol spéise do thurasóirí iad. Chuireamar tús lenár dturas ag Caisleán Prague ina bhfuil Uachtarán Phoblacht na Seice ina chónaí. Thugamar cuairt ar Ardeaglais Naomh Vitus, clog réalteolaíoch Prague, Droichead Searlais agus Cearnóg an tSeanbhaile. Is cathair fhíorálainn í Prague agus bhain cách an-taithneamh go deo as an gcuairt. D’éirigh le cuid de na daltaí taispeántais de chuid Dali, Mucha agus Wathol a fheiscint le linn a gcuairte sa chathair aoibhinn sin”.