Summer 2018 | Page 24

Tá ríméad orainn go raibh foireann ón Meánscoil Go Deo na nDeor sa chraobh náisiúnta den chomórtas faisin athchúrsáilte Junk Kouture arís i mbliana. Bhí triúr daltaí Idirbhliana ar an bhfoireann Aisling Ní Cheallaigh, Laoise Nic Íomhair agus MacKenzie Ní Dhubhghaill. Ag caint dóibh ar a saothar, seo a bhí le rá ag na mná óga cruthaitheacha seo:

“Spreag seanchuirtíní ár seanmháithreacha an dearadh seo. Bhaineamar úsáid as seanchuirtíní agus d’eascair ár dtuairim ón smaoineamh go mbeimis ag féachaint isteach ón taobh amuigh agus ag féachaint amach trí chuirtíní scagtha. D’eascair coincheapanna an teaghlaigh agus an traidisúin as sin agus bhíomar meallta ag an tuairim go nascfaí teaghlaigh agus póstaí. Dheineamar go leor machnaimh faoi thraidisiúin a bhaineann le pósadh agus rith an nath cainte: 'Something old, something new, something borrowed, something blue' linn. Bhaineamar úsáid as an nath sin mar ionspioráid-bhain na seanchuirtíní athchúrsáilte leis an ‘seanrud’ agus an gúna nuachruthaithe ansin mar an rud ‘nua’.

Priontáladh seanghriafanna ar an sciorta ag seasamh do chuimhní cinn a fuarthas ar iasacht agus feictear coincheap de rud gorm ar fud an ghúna.

Cé gur fhéachamar ar choincheap an phósta, naisc agus póstaí níor theastaigh uainn díreach aon ghúna bán amháin eile a chruthú. Sin ráite theastaigh uainn fós seaníomhá an phósta atá bunaithe ar phósadh agus ar ghrá a chur in iúl. Céim ar chéim sníomhann Gillín Sneachta agus an dath dearg a úsáidimid, siombalachas an ghrá tríd an saothar leis an dath dearg.

Shocraíomar ar Go Deo na nDeor a thabhairt ar an ngúna. Is solas ó laindéar mar chrobhaing in úsáid againn chun an tslí a nochtadh, cuireann an coincheap in iúl dúinn go bhfuil saol lán de ghrá ar an síscéal is iontaí ar domhan”.

Comhghairdeas ó chroí leis na cailíní ar an ngúna gleoite, ealaíonta a chruthaigh sibh agus go maire sibh bhur nuaíocht!