Summer 2018 | Page 11

Clár Erasmus

Bhí oíche an-speisialta againn sa Mheánscoil Dé Céadaoin 21 Feabhra nuair a thug an Leifteanant Tomás Ó Murchú agus Leifteanant Ben Nolke cuairt ar an scoil ó Dhún Mhic Stiofáin i gCill Chainnigh, chun bratach na hÉireann a bhronnadh ar ionadaithe na ndaltaí a bheidh ag taisteal chun na hEorpa idir seo agus Feabhra 2019 mar chuid de Thionscadal Fuinnimh an AE de chuid an chláir Erasmus +. Bheannaigh an sagart paróiste an tAthair Ó Ceallaigh na daltaí a bhí le taisteal, i láthair a dtuismitheoirí agus múinteoirí na scoile. Mhol an Príomhoide Séamus Ó Cadhain, Maria Ní Dhonnabhain, múinteoir Ealaíne na Meánscoile as an tionscadal tábhachtach seo a thógaint chun na scoile agus as an obair mhór atá curtha isteach aici ann ó thús an tionscadail. Is iontach go deo an seans atá á fháil ag daltaí na Meánscoile páirt a ghlacadh i gclár mar seo, atá ag plé le foinsí éagsúla fuinnimh agus mar a théann siad i bhfeidhm ar an gcomhshaol. Is é Erasmus + clár an Aontais Eorpaigh don oideachas, don oiliúint, don óige agus don spórt, a bhfuil sé mar aidhm aige oideachas, oiliúint agus obair óige a nua-aoisiú ar fud na hEorpa.

Ba iad na daltaí seo a leanas a thaistil ar an gcéad turas chun na hOstaire ón Satharn 24 Feabhra go dtí an Satharn 3 Márta: Macdara Ó Faoláin Bliain 6, Aisling Ní Cheallaigh, MacKenzie Ní Dhubhghaill, Sophie Frinnseach, Johnjo Brockie agus Kyle Mac Seáin atá ina ndaltaí Idirbhliana agus d’éirigh leo baile a bhaint amach slán sábhailte ar deireadh, in ainneoin na doininne a bhí i réim.

D’fhreastail na daltaí ar iarbhunscoil in Oberpullendorf san Ostair agus d’oibrigh siad i gcomhpháirtíocht le daltaí na scoile sin ar thionscadal fuinnimh bunaithe ar an bhfuinneamh a bhaineann le Dramháil agus le húsáid na nguthán póca. Beidh gnéithe éagsúla den fhuinneamh mar ábhar tionscadail ag grúpaí eile a bheidh ag taisteal go dtí na tíortha eile atá rannpháirteach sa tionscadal. Díreoidh daltaí a a thaistealóidh chun na Gearmáine i mí Mheán Fómhair 2018 ar Stair an fhuinnimh agus ar Ghual fad agus a bheidh Iarmhairt Ghaoithe ar an Tírdhreach faoi chaibidil ag an ngrúpa ón Meánscoil a raghaidh chun na Fionlainne i mí Feabhra 2019. Bithmhais agus an fuinneamh a easraíonn ón Dúlra, le béim ollmhór ar Adhmad agus ar an bhfuinneamh cruthaitheach, a bheidh mar ábhar an tionscadail nuair a thiocfaidh daltaí ó na tíortha eile chun na hÉireann is chugainne sa Mheánscoil i mí na Bealtaine 2019, mar thuras deiridh an Tionscadail. Fanann na daltaí le hóst-teaghlaigh na scoileanna agus faigheann siad seans aithne a chur ar dhaoine óga eile agus a slite maireachtála. Freastalaíonn siad ar scoil chun obair an tionscadail a chur i gcrích agus bíonn go leor, leor turas suimiúil eagraithe dóibh comh maith.

Ghlac na daltaí a thaistil chun na hOstaire páirt in imeachtaí cultúrtha, agus thug siad turais ar Lárionad Fuinnimh In-athnuaite, Caisleán Gussin, Monarcha Seacláide, Vienna agus ar Therme Lutzmannsburg atá ina páirc uisce agus spá. Thaistil daltaí eile ón Idirbhliain le beirt mhúinteoirí go dtí Prague i bPoblacht na Seice ar an 22 Aibreán. Ba iad na daltaí a thaistil ná Katie Ní Ailpín an Chnoic, Riain Ó Donnchú, Briannagh Nic Craith, Oisín Ó Bradáin de Paor agus Lúcás de Paor. Chaith siad seachtain ann i mbun tionscadail ar an gcumhacht núicléach agus iad ag iniúchadh na mbuntaístí agus na míbhuntáístí a bhaineann leis.

Níl cur síos ná insint béil ar an spraoi agus an tairbhe a bhain na rannpháirtithe ar fad as an gclár go dtí seo agus mairfidh a gcuimhní ar a dturais Erasmus + go ceann i bhfad.

Grúpa iomlán na ndaltaí a bheidh ag taisteal chuig tíortha éagsúla san Eoraip mar chuid den chlár Erasmus + leis an Leifteanant Tomás Ó Murchú (ar chlé) agus Leifteanant Ben Nolke (ar dheis) ó Dhún Mhic Stiofáin, Cill Chainnigh.