Summer 2018 | Page 16

Meánscoil San Nioclás fíorbhródúil as foireann agus as daltaí na scoile gurb í an scoil s’againne a roghnaíodh mar ionadaí na hÉireann sa Tionscadal tábhachtach seo de chuid an Aontais Eorpaigh agus tá pobal uile na scoile fíorbhuíoch de Maria Ní Dhonnabháin a chuir an-obair ar fad isteach in iarratas na scoile agus in eagrú na dturas agus an tionscadail dúinn. Is mór an onóir don scoil í an deis seo a bheith curtha ár slí.

Bíonn deis ag na múinteoirí a thaistealaíonn le grúpaí daltaí triail a bhaint as modhanna teagaisc nua agus inniúlachtaí digiteacha agus iad ar cuairt ar scoileanna eile atá rannpháirteach sa Tionscadal Fuinnimh. Ár mórbhuíochas ó chroí leis an gceathrar múinteoirí a thaistil leis na grúpaí chun na hOstaire agus go dtí Poblacht na Seice, Katie Ní Annáin, Neil Ó Diarmada, Dan Ó Floinn agus Comhordaitheoir Chlár Erasmus + sa Mheánscoil, Maria Ní Dhonnabháin. Murach múinteoirí mar iad ní bheadh an scoil inniúil páirt a ghlacadh ina mhacasamhail de thionscadal agus táimid go mór faoi chomaoin acu uile. Treise libh!

Brianagh Nic Craith, Aisling Ní Cheallaigh, Fionn Ó Tiomáin agus Kyle Mac Seáin, ionadaithe na ndaltaí a bheidh ag taisteal ar chlár Erasmus + ar bhronn an Leifteanant Ben Nolke (ar chlé) agus Leifteanant Tomás Ó Murchú (ar dheis) ó Dhún Mhic Stiofáin, Cill Chainnigh, bratach na hÉireann orthu le tógaint ar a dturais chuig tíortha éagsúla na hEorpa a dtabharfaidh siad cuairt orthu, in éineacht le múinteoir Ealaíne na Meánscoile, Maria Ní Dhonnabháin (sa lár), Comhordaitheoir Chlár Erasmus + Mheánscoil San Nioclás.

Erasmus + faoi lánseol i Meánscoil San Nioclás... Nioclás.…