Summer 2017 Summer 2017 | Page 38

Meánscoil San Nioclás

Wobbly Circus!

Is iomaí bean agus fear grinn atá inár measc gan dabht agus ní nach ionadh mar sin gur bhain na daltaí céanna an-súp go deo as an lá a chaith siad leis an Sorcas-Wobbly Circus- a stad anseo agus iad ar camchuairt le déanaí. Is iad faoi stiúir ag an bhfear grinn Paul Staniforth, ní raibh sárú na ndaltaí ann agus iad i mbun cleasaíochta!

Cispheil Chathaoir Rotha:

Lá dá saol a bhí ag na daltaí le déanaí nuair a chaith siad lá iomlán in Halla Pobail na Rinne agus cispheil chathaoir rotha á himirt acu. Fuair siad an-léargas ar rialacha an chluiche ó na traenálaithe Paul agus Mark agus ina dhiaidh sin ní raibh stad leis an spórt agus ardchluichí ar siúl acu go deireadh an lae. Chuaigh an taithí i bhfeidhm go mór ar na daltaí agus thug sé léargas dóibh ar shaol de shaghas eile a bhíonn ag go leor daoine idir óg agus aosta ar fud an domhain mhóir a bhíonn ag brath ar chathaoir rotha i gcomhair gluaiseachta agus aclaíochta gach aon lá. Thug an taithí idir mhisneach agus spreagadh do dhaltaí na hIdirbhliana. Go maire sé.