Summer 2017 Summer 2017 | Page 32

Meánscoil San Nioclás

‘LUS 2017’ ar mhaithe le Cumann Ailse na hÉireann

I gcomhpháirtíocht leis an bhfeachtas náisiúnta ‘Daffodil Day’, d’eagraigh daltaí na Meánscoile maidin chaife agus díolachán cístí ar an 24 Márta ar a 11:30am. Bhí daltaí na hIdirbhliana an-ghníomhach i rith na seachtaine ag bácáil agus ag eagrú gach uile ní agus fearadh fíorchaoin fáilte roimh an bpobal chun an ócáid a chéiliúradh linn. Sheinn ceoltóirí na scoile dá raibh i láthair agus bhí dea-aoibh ar chách agus daoine ag obair ó lámha a chéile. Bhí earraí ó Chumann Ailse na hÉireann ar díol chomh maith agus cuireadh iomlán an airgid a bailíodh, breis agus €400 chucusan. Ba mhór againn tacaíocht gach aoinne a bhí páirteach ar an lá. Dhein siad éacht! Sláinte chugaibh!