Smithereens Press Chapbooks SP8- Dordéan, do Chroí - A Hummingbird, your Heart | Page 36
Mamó
D’iompair tú m’ubhán ionat
mo bhriathar mar bhraon
bídeach i do bhroinn.
Anois, seasaim ag do shochraid
leanbh lae á luascadh agam
súil liom ar an mbreith
is súil liom ar an mbás
sruth fola ag sileadh asam –
caoineadh corcairdhearg.
28