Smithereens Press Chapbooks SP8- Dordéan, do Chroí - A Hummingbird, your Heart | Page 32

Scáil an Seáil I ndiaidh taispeántas ealaíne de chuid Brian Lalor Clapsholas. Éiríonn sí as scáileanna liath, le cúlú ó ghrágaíl agus glagarnach an mhargaidh dhearmadta. Trí bhruscar báite, siúlann sí na cnoic i dtreo a baile, a guth leath-phlúchta, seanbhean ina préachán piachánach clúdaithe le clóca dorcha, dúnta le dorn ag a scornach. Crochann braonta léar lonrach ar na díonta, áit a siúlann sí ag stamrógacht léi trí chúlsráideanna coincréiteacha. Lastuas, tá sreanga sínte, faobhar géar idir cathair is spéir. I measc lúbra na lánaí, tá na locháin beo, lasta le loinnir ómra gach lampa sráide. Ise an scáil folaithe ar chiumhais gach sméideadh súl. Seolann sí an oíche ar imeall a seáil, agus maireann macalla na staire i gcoiscéim a sáil. 24