Smithereens Press Chapbooks SP8- Dordéan, do Chroí - A Hummingbird, your Heart | Page 28

Faobhar an Fhómhair Lá Lúnasa ag faobhar an Fhómhair tá préacháin ag rince trí fhoraois gaoithe. Lúbann abhainn idir na crainn, áit a ndreapann seanathair síos lena gharmhac chun clocha a chaitheamh san uisce. Preabann púróga agus sleamhnaíonn trí chraiceann na habhann, ag tumadh go tóin. Casann siad i gciorcail chomhlárnacha, a chuasanna ag cnagadh ar a chéile. Lastuas, tá fáibhile ag faire ar an gcruth. De dhearmad, ligeann sí lena greim ar dhornán duilleoga – glasa, órga – is scaoiltear iad le sruth. 20