Smithereens Press Chapbooks SP8- Dordéan, do Chroí - A Hummingbird, your Heart | Page 26

Macalla Mara Maidin dhorcha Samhna i dtigh mo sheanmháthar chrom creatlacha crainn chugainn, ag bualadh fuinneoige, ag bagairt orainn le géaga garbha. Shuigh mé cois tine, fillte i mbaclainn m’athar, móin ar dearg-lonrú taobh thiar de ghrainc ghruama an ghráta, ag éisteacht le ise is eisean ag sníomh snáthaid shíoraí scannail is streachailt, náirí nua naimhde agus sceideal na sochraide. D’fholaigh mé m’aghaidh, mo leiceann á chuimilt agam lena chliabhrach go dtí nár chuala mé tada ach mo Dhada, a chuisle cothrom, seasta, buan amhail fuaim folaithe faoi amhrán na mbroigheall – tuile agus trá tonnta ag bualadh in agahaidh aille, macalla ag canadh i bpluais mhara. 18