Smithereens Press Chapbooks SP8- Dordéan, do Chroí - A Hummingbird, your Heart | Page 24

Crann Idir dall is dorcha, lasann loinnir na gréine mo ghúna órga. Teanntaíonn teannóga coirt mo choirp. Sa smearsholas, suíonn smólaigh ina neadacha – síolta mo smaointe. Éiríonn is eitlíonn siad uaim, mo chuid smaointe scaoilte, scaipthe sna scamaill. Maisím mé féin le réalta reatha idir ghéaga garbha. Sáim mo chuid fréamhacha i gcré na hoíche, súim súilíní drúchta. Sínim i dtreo an dorchadais: mo ghrá geal, a phóg fhuar ina síoda i ngach pholl folaithe. 16