Smithereens Press Chapbooks SP8- Dordéan, do Chroí - A Hummingbird, your Heart | Page 20
Sreang Sínte
Poncaíonn cuaillí bealach an bhóthair
crainn mharbha, nocta agus sáite ar ais sa chré.
Síneann sreanga eatarthu, léaslínte úra
os ár gcionn. Amhail fréamhacha,
tá a nglór plúchta, ainneoin gaoth gharbh
ag tarraingt téada na cláirsí ciúnaithe.
Le luí na gréine, bailíonn druideanna ann
ag caint is ag cásamh a ngéaga goidte
nach n-iompróidh nead ná ualach
na beatha nua riamh arís.
12