Smithereens Press Chapbooks SP8- Dordéan, do Chroí - A Hummingbird, your Heart | Page 12
Fáinleoga
Bhain na bioráin binneas ceoil ón gciúnas.
Thuirling greameanna ar nós fáinleog
i scuaine ar shreang
ag fáinne an lae, ag faire
ar shnáth cniotála á sníomh
ina ghúinín gleoite
de chróchbhuí chrithre
gan laige, gan lúb ar lár,
déanta di siúd
a d’imigh
i gcaoch na súl.
Sínte spréite i m’aonar
i bhfuacht an ospidéil
cuimlím míne, gile an ghúna olla
le fuacht mo leicinn
scaoilim leis an tsnaidhm
ligim le
lúb
ar
lúb
Snáithe silte fáinleoga dóchais
ag titim as radharc
le luí na gréine.
Líonann mo léan
an ceirtlín olla
i mo lámh:
lúbtha,
liath,
lán.
4